Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 1 – Cill Chainnigh v Tiobraid Árann – 5/5/2013
Bhí slua mór – 21447 – i láthair i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh seo caite chun coimhlint eile idir na seanchairde seo a fheiceáil. Bhí atmasféar craoibhe le boladh san aer ar an lá agus lucht leanta ón dá thaobh ag tnúth lé sárchluiche. Ní dóigh liom go raibh díomá orthu dá bharr san ag an deireadh. Bhí an cluiche iomarcach go deo ó thus agus ag an deiredh ní raibh ach scór amháin eatarthu. Chuir Cill Chainnigh Micheal Fennelly isteach mar leaththosaí lár sa chéad leath agus rinne sé scrios. D’aimsigh sé 2-3 sa tréimhse sin agus rinne na scóranna sin an difríocht ag an deireadh. Bhí an coimhlint i lár na páirce an-suimiúil agus d’imir Brendan Maher go hana mhaith sa chead leath agus fuair sé 0-3 agus d’imir Lester Ryan go maith arís, mar a rinne sé gach lá sa Sraith i mbliana. Is cosúil go bhfuil áit bainte amach dó féin don gcraobh ar an bhfoireann. Níl Páirc Uí Nualláin chomh fairsing le cuid páirceanna eile agus bhí buntaiste ag na cosainteoirí dá bharr seo. Taitníonn spás le tosaithe Thiobraid Árann ach bhí sé gann go leor agus sreachail cuid acu chun marc a dhéanamh ar chúrsaí. Ag deireadh an chluiche ní raibh duine de na tosaithe sin fágtha ar an bpáirc ag Tiobraid Árann agus b’fhéidir go n-insíonn sé sin a scéal féin dúinn. Sin ráite, bhí seansanna ag an dá thaobh chun an cluiche a bhuachaint ach tá na Cait go hiontach i gcásanna mar sin – taispeánann siad an ghoile atá ag teastáil, faigheann siad na scóranna cinniúnacha agus ní thugann siad mórán seansanna don bhfreasura. Mar sin, tús maith don bhliain ag an dá thaobh ach corn eile buaite ag Cill Chainnigh. Bliain nua ach níl mórán athrú lé feiceáil.
Pat Fleury, blog GAA Beo





