Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A, Babhta 4 – Corcaigh v Cill Chainnigh – 25/3/2012
I rith Sraith Allianz bíonn na bainisteoirí ag iarraidh duine nó beirt nua don phainéal a rachaidh chun páirce níos déanaí sa bhliain sa chraobh comórtas. Ar an Domhnach d’fhoghlaim Jimmy Barry Murphy roinnt mhaith. Tá tuairim an-mhaith aige anois go mbeidh an seisear a bhí ag cosaint ar an Domhnach mar cosainteoirí sa chraobh agus d’fhéach Seán Óg níos compordaí ar chlé sa leathlíne ná i lár na páirce. Tá William Egan láidir agus cróga agus im’ thuairim bheadh sé an-mhaith ar an gcliathán ar dheis. Rud amháin nach raibh mé in ann athuiscint ná cén fáth nach dtógann Egan na popcanna saora atá i bhfad amach seachas Patrick Horgan ata go maith cóngarach don chúl ach nach bhfuil chomh chruinn i bhfad amach.
Cé go raibh Brian Cody ina sheasamh ar an taobh líne ar nós ba chuma leis beidh sé buartha beagáinín faoi imirt TJ Reid agus Richie Hogan. Seo beirt go mba chóir a bheith ag teacht chun chinn agus ag iompar an tóirse do na Cait sa todhchaí. Ach cé go raibh TJ go maith i gcoinne Tipp sa chead bhabhta thit leibhéal a imirt ar an Domhnach agus fágadh cúrsaí chinnireachta sna tosaigh do Richie Power agus Eoin Larkin. Bíonn Richie Hogan cruinn de ghnáth nuair a fhaigheann sé deis scórála ach chaill sé dhá sheans iontach pointí d’fháil sa dara leath.
Tá a fhios ag Cody gurb é an cosaint an aonad is tabhachtaí ar aon fhoireann agus tá a fhios aige freisin nach raibh ach leath an aonaid sin ag imirt ar an Domhnach. Chonaiceamar freisin luach Jackie Tyrell agus Tommy Walsh don chosaint nuair nach raibh siad ag imirt. D’imir Kieran Joyce cuíosach maith sa leathlíne chúl ar dheis do Chill Choinnigh ach beidh a fhios ag Brian Cody go mbeidh sé ag braith go mor ar na h imreoirí a bhí aige sa chéad 15/16 anuraidh nuair a thagann na cluichí craoibhe sa samhradh.
Mura mbíonn tú sa champa traeneála ní bhíonn a fhios agat riamh cad é an fócas traeneála a bhíonn ag foirne ó sheachtain go seachtain. Is léir ón taispeántas a thug Corcaigh gur ghearr siad siar ar an traeneáil fisiciúil i rith na seachtaine seo chaite chun a bheith úr don chluiche. Ní fios cad é an scéal do Chill Choinnigh agus cé chomh dáiríre a bhí siad chun an cluiche a bhuacan. Má tá comharthaí ó dhaoine ní raibh le déanamh ach féachaint ar an “bualeadh” timpealll a bhi ag ionadaithe na gCat ag leath ama áit a raibh Tommy Walsh ag cleachtadh a scileanna cúl báire ag cosaint saghas “cóirnéal” a d’fheicfeá i gcluichí sacair le mórchuid na leaids eile i gcomórtas lena chéile ar imeall an bhosca 6 méadar. Is leir ón ngáire agus an craic gur bhain siad an-taithneamh as.
Donal O’Grady, blog GAA Beo
Corcaigh Abú!