Craobh Club AIB – Cluiche Ceannais Peile na hÉireann (athimirt) – Caisleán an Gharraí v Raonaithe na Croise – 31/3/2012
Comhghairdeas le Raonnaithe na Croise as Craobh na hEireann sa chaid a bheith tugtha leo arís. Tá corn Andy Merrigan tar éis dul ó thuaidh sé bhabhta in achar an-ghearr blianta.
Bhí sé le taispaint ón noiméad a thainig siad ar an ngort inniu ná raibh siad chun a bheith brúite timpeall na h-áite. Do thógadar ceannasaíocht ar an gcluiche seo cruinn díreach. Déanaim amach gur bhain Caislean an Gharrai geit astu an chéad lá leis an fhisiciúileacht agus an slí go raibh siad ábalta scóranna a fháil ina gcoinne. Ní raibh sé seo chun timim amach arís. Gach uair a fuair siad buile is amhlaidh a chur seo níos mó ceol ionta agus in ionad suí siar bhrúigh siad chun cinn.
Bhí máistreacht acu sa ghreidhm, nuair a bhíodar ar an gcaid , sna brisíocha, i lar a’ ghoirt agus ag fáil scóranna. D’imir siad caid iontach.
Do bhí a gcuid tacaithe ag marcáil an-dhian go mormhór James Morgan, Paul Kernan agus Paul McKeon. Bhi Aaron Kernan mar a bhíonn sé de ghnath, sé sin ag rith chun cinn ní hamháin ag fáil scóranna é fhéin ach á gcur ar phláta dá chomhleacaithe. Sna tosaithe, bhuel, cad nár dheineadar. Bhog siad ó phaisíi go paisíi ag taispaint don gcaid agus bhíodar ró thapagh do thacaithe Chaislean an Gharrai. Scóráil gach duine don seisear acu. Bhi an-thioncar ag beirt nár thosnaigh an lá deiridh ar an gcluiche siad san Stephen Kernan an captaen agus Francis Hanratty. Fuair Kernan trí phoinnti sa dara leath ón imirt agus chomh maith leis sin rud a bhí le feiscint go mór ná a cheannasaíocht. Bhí gach imreoir acu go maith ach ba’é Hanratty an laoch leis an dá bháide agus pointe a fuair sé sa chéad leath. Níor piocadh é le tosnú an chéad lá agus tar éis taispeantas mar seo ní haon iontas go raibh meanga mór gáire ar tar éis an chluiche. Dhein Jamie Clarke agus Aaron Cunningham mórán damáiste ach cad fé Oisin McConville. Níl lá aoise ag dul air. Aon duine go bhfuil sé bhonn club na hÉireann aige is laoch é. Fuair sé leath dhosaen pointí inniu agus na bíodh iontas orainn má bhíonn sé thar nais arís.
Maidir le Caisleán an Gharraí bhíodar an-leamh i gcomparáid leis an lá i bPáirc an Chrócaigh. Raitilail Croiss iad go luath sa chluiche leis an fíochras a bhí ina n-imirt agus tar éis an dá bháide bhí a mbuile tughta. Ba é Dessie Dolan aris an duine is fearr a bhí acu ach leis sin féin ní mór an slí a fuair sé chun imirt a dhéanamh ó leaids na Croisse.. Beidh díomá orthu agus beidh siad clipithe toisc nár bhuadar an chéad lá. Mar sin fhéin bhí ard bhliain acu agus cheart do lucht leanúna a bheith bródúil astu.
Ar fhocal scoir tá orm tagairt a dhéanamh ar chaighdeán réiteoireacht agus cartai bui go ginearálta. Tá faidhb mór ann i láthair na huaire agus is in olcas atá sé ag dul. Is cluiche fisiciúil í caid agus sin é an slí go dtaistaíonn ó na h-imeiroiri í a imirt. Is cluiche difriúil í sacar, cluiche nach feidir barra méir a chuir ar imreoir nó dul isteach go cróga nó go fíochbhar don liathróid . Má dheineann tú geobhfaidh tú cárta, sin iad na riachacha agus tá san go breá. Tá caid á luit le cartaí buí. Déanaim impí ar lucht rialacha agus reiteoirachta beagan céile a ghlacadh maidir le fisiciúlacht sa chuiche. Tá cartai buí á thabhairt amach do rudai beaga suaracha agus tá imreoiri ag fáil an bóthar dá bharr . Cuimhnigh go bhfuil píonos tugtha amach theanna fein nuair a thugtar cic saor. Nil rialacha sacair ag taistail ón gcluiche.
Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo
Bhí Oisín McConville thar bharr. 6 chúilín, 4 cinn ón imirt, aontaím go hiomlán leat a Thomáis. Súil agam go ligfidh an corp dó fanacht bliain eile don 3 in a row!
Taobh amuigh de sin, bhí sé seo ar an dtaispeántas ab fhearr a chonaic mé riamh ós na Raonaithe, agus ag tógaint san áireamh gur foireann óg í seo i gcoitinne, an cheist anois ná cé chomh maith is a mbeidh siad i gceann bliain nó dhó eile?