Sraith Peile Allianz – Roinn 2, Babhta 7 – Gaillimh v Cill Dara – 8/4/2012
Sular thosaigh an cluiche bhí Cill Dara chun cinn ar Ghaillimh sa tsraith le pointe amháin. Níor theastaigh ó Chill Dara ach pointe amháin eile le cailiú don cluiche ceannais agus chun dul suas go Roinn 1 don bhliain seo chugainn. Theastaigh an bua ó Gaillimh. Bhí muid ag súil le géarchoimhlint inné agus fuair muid é. B’iad Cill Dara is láidre a thosaigh. Thaispéain said comh-imirt den scoth sa gcéad leath. Rinne an líne lán tosach a bhí acu scríos. Bhuaigh Tomás O’Connor an t-uafás liathróid agus thug sé Alan Smith isteach san imirt go cliste. Chríochnaigh Smith le cheithre phointe ón imirt. Ach ba é Emmet Bolton laoch na h-imeartha i mo thuairimse. Bhí sé ag siar-ionsaí ar feadh an chluiche. Fuair sé cúl amháin ach bhí sé istigh le haghaidh dhá dheis eile. Shábháil Adrian Faherty ceann acu agus bhuaigh Bolton an cic éirice ón dara deis.
Bhí an t-ádh le Gaillimh nach raibh said níos faide taobh thiar ag an mbriseadh. Bhí Kieran McGeeney sásta ag leath-ama agus Cill Dara chun cinn le cheithre phointe, 1 – 9 in aghaidh 0 – 8.
Thug Gaillimh taispeántas misnúil sa dara leath. Thosaigh siad ag luas lasrach agus bhí dhá sheans ar chúl cruthaithe acu taobh istigh de chúig nóiméad. Ach cuireadh amú an dá dheis sin. Caithfear moladh a thabhairt do na h-ionadaí a tháinig isteach do Ghaillimh. Bhí tionchar mhór ag Thomas Flynn ar an gcluiche agus é go lárnach san imirt. D’aimsigh Padraig Joyce 3 phointe, péire ón imirt théis dhó teacht chun páirce agus ní féidir é a shéanadh gur shocraigh sé leaids an Iarthair.
Ach is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann. Díoma do leaids an Iarthair nuair a bronnadh cic éirice ar Chill Dara agus gliondar ar Chill Dara nuair a bhá Johnny Doyle an liathróid san eangach. Cill Dara ardaithe go dtí Roinn 1 don chéad bhliain eile agus iad ag casadh le Tír Eoghain sa cluiche ceannais.
Tabharfaidh an taispeántas a thug Gaillimhe sa dara leath misneach dhóibh agus iad ag imirt Ros Comáin ar an 20ú Bealtaine. Caithfear a bheith foighneach mar tá an fhoireann seo faoi bhun idirthréimhse. Níl a fhios ag aon duine cén fhad a thógfadh sé. Ar an lámh eile ta Cill Dara ar an mbóthar le píosa fada agus beidh siad ag súil le tuilleadh dul chun cinn sa Samhradh.
Fiachra Breathnach, blog GAA Beo
