Sraith Peile Allianz – Cluiche Leathcheannais Roinn 1 – Ciarraí v Maigh Eo – 15/4/2012
Beidh Maigh Eo breá sásta leis an lá inné . Ar dtúis tá siad tar éis imirt go maith i dtrí nó ceithre chluiche as a chéile agus ina measc san tá buaite acu ar an da fhoireann a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann an bhliain seo caite. An dara fáth go mbeidh siad sásta ná go mbuadar ar Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh rud nach raibh déanta acu le blianta fada. Leis na taispeántais agus na buanna seo tugann sé le fios go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu. Tá córas maith acu, bogann siad an chaid amach ón líne lán chúil suas go dtí na tosaigh an-thapaidh. Téann mórán don imirt tríd Andy Moran agus Alan Dillon beirt leaids atá an-mhaith a chur i bhfearas don líne lán tosaigh. Ta a gcúlaithe go maith ábalta ruathair a thabhairt suas an gort rud a dhéanann siad go minic agus táid ábalta scóráil. Chonaiceamar é seo le Feeney, Boyle agus Higgins ag fáil scóranna dóibh.
Tá a gcuid imirt faighte níos fisiciúla agus níl claonadh orthu tabhairt suas ró- bhog. Leis an tseachtain traenála sa Phortingeil beidh seans maith acu ullmhú don gcluiche ceannais. Rud amháin ná oireann dóibh ná go mbeidh brise fada idir an chluiche ceannais agus a gcéad chluiche sa chraobh nach bhfuil le himirt go dtí an 24ú Iúil.
Ó thaobh Chiarraí de tá sórt pátrún anois ina n-imirt agus ábhar buairt é seo. Nílim ag caint ar chluichí a scaoileadh uatha sna noimeanta deiridh amháin ach cúpla rud eile chomh maith. Inné dheineadar na rudaí céanna agus a dheineadar i gcoinne Bhleá Cliath sa chluiche ceannais an bhliain seo caite. Tá a fhios agam ná raibh an réiteoireacht ró-mhaith sa chluiche sin ach ní raibh aon leithscéal faoi sin inné. Thugadar ciceanna saor uatha tré dhroch taicleáil agus dá thoradh fuair Maigh Eo scóranna saoráideacha astu. Tá Ciarraí nútálta chun an chaid a choimeád ach inné thugadar uatha í go neamhaiseach agus fuair Maigh Eo báide dá bharr, smaoinigh siar conas a fuair Bleá Cliath an bháide an bhliain seo caite.
Mar sin tá feabhas le cur acu ar chúpla gnéith dá gcuid imirt. Bhi cluiche maith ag Anthony Maher agus as na leaideanna óga sé James O’Donoghue agus Barry John Keane is fearr a bhí. Tá Paul Galvin ag tosnú ag imirt go maith aris. Laidireoigh Tomas Ó Se agus Eoin Brosnan an líne leathchúil nuair a bheidh siad thar nais i gceart.
Mar fhocal scoir má theastaíonn uait ceacht a fháil ar conas fear a mharcáil, féach amach do bheirt imreoir an chéad uair eile a théann tú chuig cluiche. Siad san Rory O’Carroll ó Bhleá Cliath agus Marc Ó Sé. Coimeád do shúil ar an mbeirt seo ar feadh tréimshe don gcluiche. Tá an bheirt acu nútálta chun marcáil. Táim an-thógtha leis an leibhéal “concentration” atá ag an mbeirt acu. Bhí seo amhlaidh le Ó Sé arís inné.
Sraith Peile Allianz – Cluiche Leathcheannais Roinn 1 – An Dún v Corcaigh – 15/4/2012
Maidir leis an gcluiche eile bhí sí seo an aontaobhach. Tá Corcaigh ag foghlaim i gcónaí.
Tá siad anois tar éis a nimirt a mheascadh. Go minic bhíodh siad ag imirt na caide suas go dti na tosaigh mall ach anois táid ag úsáid an modh díreach chomh maith agus le Aidan Walsh i lán tosach tá seo ag obair doibh. Tá siad leis ag rith tríd cúlaithe an fhreasúra rud atá Paul Kerrigan agus Paddy Kelly go maith aige. Bhíodar i bhfad ró-mhaith don Dún inné agus le Goulding, Sheahan agus O’Neill ar an slí thar nais beidh sé deacair d’aon fhoireann buachaint orthu as seo go deireadh an tsamhraidh. Tá Paul Kerrigan ag féachaint níos mó mar an t-imreoir a bhí sé cúpla bliain ó shin agus sin rud dóchais do na Ceannarcaigh .
Nuair a gortaíodh Conor Laverty a fuair trí phoinnte sa chéad leath don Dún, thiteadar as a chéile. Seachas é sin agus Benny Coulter ní taispeántas maith é seo ó leaids an Dúin. Bhí Kalum King sa líne lán tosaigh acu inné. Leaid mór láidir is ea é ach níl an choisíocht chomh maith san aige rud a bhíonn ag teastáil nuair atá tú ag imirt ar an líne seo. Beidh siad ag súil le Dan Gordon agus Danny Hughes a bheidh thar nais acu. Tá mórán le déanamh acu i gcóir a gcluiche le Fearmanach an mhí seo chughainn.
Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo
