Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 4 – Cill Mhantáin v Fear Manach – 28/4/2012
Bhí sé go maith Cill Mhantáin a fheiscint ag buachaint corn i bPáirc an Chrócaigh. D’imir siad an-chaid agus bhí an bua tuillte acu. Bhí an lá leo toisc an meon oibre a thugadar leo agus bhí teaicleáil iontach ar siúl acu go mór mhór Leighton Glynn.
Tá creidiúint ag dul do Harry Murrphy as an bhfoireann a bheidh chomh eagraithe is atá. Ní job furaist a thóg sé tar éis tréimhse Mhick o Dwyer.
Beimid ar fad ag súil leis an gcluiche a bheidh acu leis an Mhí i gceann roinnt seachtainí. Gan dabht beidh an dá fhoireann ag imirt i Roinn a 3 an bhliain seo chugainn. An gcuireadh éinne airgead ar sin i dtosach na bliana?!
Maidir le Fearmanach níor imir siad go maith ach tá dul chun cinn maith déanta ó thainig Peter Canavan i gceannas. Cé gur chailleadar is dóigh liom gurb é seo an toradh ab fhearr dóibh mar taispaineann sé dóibh cá mbeidh orthu feabhas a thabhairt go dtí a cuid imjeartha. Dá mbeadh siad tar éis buachaint bheadh brú mór orthu i goinne an Dúin i gCraobh Uladh mar bheadh a lucht leanúna ag ceapadh gur b’é Canavan an messiah! Tá mórán feabhais le déanamh acu. Le Barry Owens agus Marty McGrath thar nais tar éis gortaithe beidh siad níos láidre.
Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 3 – An Longfort v Loch Garman – 28/4/2012
Tá pleann maith imeartha ag Longford. Pasáileann siad an chaid leis an ndorn amach as na cúil agus ciceáileann siad ansan go tapaidh é go dtí an líne lán tosach áit ina bhfuil Sean McCormack ag imirt an-mhaith dóibh. Tá Mickey Quinn thar nais ó bheith ag imirt footy san Astráíl agus tá sé tar éis an líne leath chúil a láidriú go mór. Ard imreoir é agus cad faoi mharcáil Dermot Brady? Cuirtear ar an dtosach is fearr é i gconaí agus tá sé go maith ábalta do éinne.
Bhí díomá orm le imirt Loch Garman. Bhíodar go hainnis sa chéad leath agus chailleadar an chluiche sa tréimshe seo. D’imir siad níos fearr sa dara leath ach d’fhágadar ró-dhéanach é. Tá tosaithe maith acu atá ábalta scóráil cé nach dóigh liom gur sna tosaithe is fearr do.
Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo
