Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluiche Ceathrú Ceannais na Mumhan – Corcaigh v Tiobraid Árann – 6/6/2012
Aon uair a thagann foireann ó Thiobraid Árann go Páirc Uí Chaoimh, agus nuair a éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh, ba cheart dóibh dul abhaile lánsásta leo féin.
Chun na fírinne a rá, ní raibh aon cuma eile ar an scéal ar feadh an chuid is mó den chluiche aréir ach go mbeadh an bua ag Corcaigh. Bhí tosaithe Chorcaigh ag gluaiseacht beagáinín níos fearr agus bhí na scóranna ag teacht níos éasca dóibh.Fuair Conor Lehane trí phointe áille sa tréimhse sin. Ar an taobh eile den pháirc, bhí tosaithe Thiobraid Árann ag obair go tréan ach bhí siad ag sreachailt chun a gcuid ionsaithe a chríochnú le scóranna. Bhí siad ag brath ar John O’Dwyer, captaen na fóirne, chun formhór na scóranna a fháil agus cuid mhaith dóibh siúd ag teacht ó phocanna saora.
Bhí an scéal mar an gcéanna sa dara leath don chuid is mó…Corcaigh chun tosaigh ach ní bhfuair siad an cúl a bhí ag teastáil chun an cluiche a chríochnú. Nuair a chuir Corcaigh bearna de cheithre phointe eatarthu don chéad uair le deich nóiméad fágtha, cheapamar go raibh go leor déanta acu ach chríochnaigh Tiobraid Árann le cúilíní ó O’Dwyer agus Curran chun bua an-mhaith a bhaint amach do na Tiobraidigh.
Ar aghaidh leo anois ar chosa in airde chun aghaidh a thabhairt ar Luimneach, seaimpíní na Mumhan anuraidh. Tá ceathrar déag de na h-imreoirí
a bhí páirteach sa bhfeachtas rathúil sin ar fáil do Luimneach arís i mbliana, agus beidh siad ag imirt sa bhaile i bPáirc na nGael. Beidh an cluiche sin suimiúil go deo!!
Pat Fleury, blog GAA BEO
