Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluiche Ceannais Laighean – Laois v Cill Chainnigh – 11/7/2012
Tháinig mé go Portlaoise ag súil le cluiche aon taobhach idir Cill Chainnigh agus Laois ach níor
cheap mé go mbeadh sé chomh aon taobhach agus a bhí. Bhí na Cait faoi bhrú an craobh seo a thabhairt leo mar gheall ar eachtraí a tharla i bPáirc an Chrócaigh cúpla lá roimhe.
Ón chéad noiméad bhí an lámh in uachtar ag na Cait ar fud na páirce. Bhí neart liathróid ag dul isteach go dtí tosaithe Chill Chainnigh agus leis sin rinne a líne lán cúl de Walter Walsh, John
Power agus Ger Alyward scrios ar Laois. Bhí Martin Walsh ar fheabhas ar an daichead slat freisin.
Tar éis fiche nóimead bhí an cluiche seo thart mar choimhlint. Bhí cúl faighte ag Ger Aylward agus John Power. Aon uair a rinne foireann Laoise ionsaí bhí cosantóirí Chill Chainnigh sách ábalta deileáil leo. É sin ráite d’oibrigh Stephen Maher go crua agus d’aimsigh sé cúpla scór deas sa dar
a leath. D’imir Laois níos fearr sa dara leath ach bhí an cluiche thart faoin am sin.
Breathnaíonn na Cait an-láidir cé go raibh Laois an lag. Théis an toradh seo is in aghaidh foireann na Gaillimhe a bheidh Cill Chainnigh ag imirt i mí Lúnasa i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Sin cluiche a bheidh suimiúil!
Cathal de Mórdha, blog GAA BEO
