Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluiche Ceannais Laighean – Laois v Cill Chainnigh – 11/7/2012
Bhí bua an-éasca ag Cill Chainnigh i gcoinne Laois i gcluiche ceannais Laighin faoi 21 Dé Céadaoin seo caite. B’fhéidir gurb é an rud is measa faoi ná go raibh sé
thart mar choimhlint sular thosaigh sé i gceart. Faoi mar tá a fhios againn, is breá le foirne as Cill Chainnigh tús láidir a chur le cluichí, ach bhain siad an ghaoth as seolta Laoise le scóranna a fháil chomh luath san. Tháinig slua deas isteach chuig an gcluiche, formhór acu as Laois, ach is mór an trua nach bhfuair siad mórán sult as imeachtaí an tráthnóna. Bhí Cill Chainnigh ró-láidir i mbeagnach gach áit ar an bpáirc, go háirithe i lar páirce agus sa líne leathchúil. Bhí Richie Doyle agus Joe Lyng ag imirt ar a gcompórd agus bhí Geoff Brennan agus Ollie Walsh i gceannas ar chúrsaí i lár na páirce. Mar sin, bhí soláthar rialta den sliotar ag dul isteach go dtí na tosaithe agus rinne siad raic. Fuair Ger Aylward 1-3 agus John Power 2-0 sa chéad leath sin agus bhí an scór 3-14 in aghaidh 0-6 ag leathama….insíonn sin a scéal féin.
Bhí rudaí pas beag níos cothroime sa dara leath agus d’fheabhsaigh Laois ach bhí an dochar déanta. Chríochnaigh Cill Chainnigh le 4-24 ar chlár na scór ag an deireadh. Is léir go bhfuil alán imreoirí óga maithe acu, atá ag iarraidh a chur in iúl do Brian Cody go bhfuil siad réidh chun áit a fháil ar an bpainéal sinsir má fhaigheann siad an glaoch uaidh, go háirithe Walter Walsh, Pádraig Walsh (deartháir le Tommy) agus Ger Aylward agus beidh sé suimiúil na cluichí leathcheannaise i gCúige Mumhan a fheiceáil ar an gCéadaoin agus Déardaoin seo chugainn chun na fóirne a chur i gcomparáid le na Cait. Tá sárobair ar siúl i gContae Laoise le déanaí chun an iomáint a fhorbairt agus tá dul chun cinn déanta acu. Beidh siad ag leanacht lena gcuid iarrachtaí agus beidh siad ag dul ó neart go neart mádhéanann siad é sin. Tá gach contae sa tír, beagnach, tar-éis lascadh a fháil ó Chill Cainnigh le blianta beaga anuas agus níl aon chúis náire acu ar chor ar bith.
Pat Fleury, GAA Beo
