Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluichí Leathcheannais na Mumhan
Luimneach v Tiobraid Árann 18/7/2012
Bhí an dá chluiche leathchraobh faoi 21 díomách ó thaobh comórtasúileachta de. I Luimneach oíche Chéadaoin bhí Tipp i bhfad ró mhaith do na curaithe. Ní raibh aon slanc in aon chor i bhfoireann Luimní agus ní raibh aon phatairn imeartha acu ach an oiread. Ní bhfuair siad ach 3 chúilín ón imirt agus ní dhearna an cúl a fuair siad ag deireadh an chluiche ach comhartha níos fear a chur ar an gclár scórála. Tá sos ag teastáil ó Shane Dowling, fear óg atá ag imirt gan stad le bliain go Leith. Ba choir dó sos d’fháil i ndiaidh cailliúint Na bPiarsach sa chomórtas chlub i Mí Feabhra ach ní bhfuair. Chuir Tipp 16 buille, cuid acu ó shuíomhanna deasa, ar strae aréir. Dá bhfaighfidís leath díbh bheadh slad ceart ann. Bhí Denis Maher thar barr i lár na páirce. Scóráil sé 1-3 agus thiomáin sé an fhoireann ar aghaidh ó thus an chluiche. Rialaigh sé lár na páirce agus táim ag súil go mór leis an gcath a bheidh sa réigiúin seo sa chraobh i gcoinne an Chláir.
An Clár v Port Láirge 19/7/2012
In Inis ar an Déardaoin thug Na Cláirínigh taispeántas den chéad scoth. Rinne siad slad sa chéad leath leis an ngaoth. Bhí cosainteoirí an Chláir ar fheabhas agus gan bagairt ar feadh na hoíche. D’imir Cathal “Tots” Ó Conaill amach mar an 3ú duine i lár na páirce agus iontas na n-iontas lean Stephen O Keeffe an lán cúlaí é. Ina theannnta sin d’fhan leathlíne tosaigh an Chláir amach go domhain i lár na páirce nach mór, áit a raibh smacht iomlán ag Shane Golden agus Colm Galvin ar chúrsaí. Chuaigh na maircéirí i leathlíne chuil na nDéise leo. Mar sin bhí an t uafás spás os comhair líne lán tosach an Chláir agus le liathróid cruinn, tapaidh ag teacht isteach go rialta chuig Conor Mc Grath agus David O’Halloran bhí an cluiche thart ag leath ama. Is léir nach raibh aon phlean mórán ag lucht bainistíochta Phort Láirge i ndeireadh na dála nuair a chuir siad an lán chúlaí siar ar imeall na cearnóige bhí an donas déanta. Chuaigh stíl, aclaíocht, luas agus scil an Chláir go mór i bhfeidhm orm. Ar fhianaise an chluiche seo tá a lán talann sa Chlár ach ní fhaca Michael Ryan, bainisteoir sinsear na nDéise, mórán a chabhróidh lena dtodhcaí agus a ndul chun cinn. Tubaisteach do Ryan bhí ar Darragh Fives an pháirc a fhágáil trí ghortú agus tá gach cosúileacht go mbeidh séin easnamh don na sinsir i gcoinne Corcaigh.Mar focal scoir cén fath nár ainmnigh Fergal Hartley, bainisteoir Phort Láirge an fhoireann ceart sa chlár. Cad a bhí le cheilt acu a thabharfadh buntáiste don Chlár nó cad a bhí acu mar “Airm Rúnda” ar an oíche mar ní fhaca mise mórán a bheadh buntáistiúil don bhfreasúra. Minic go leor nuair a dhéantar rudaí mar seo tógann na himreoirí as go bhfuil easpa muiníne ag an mbainistíocht iontu nó go bhfuil eagla orthu roimh an bhfreasúrasa. Philip Mahony – lár páirce sa sinsear i gcoinne Tipp – sa chúinne mar chúlaí sa chluiche seo. Cad é an chiall a bhí le seo?
Donal O’Grady, blog GAA Beo
