Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluiche Ceannais na Mumhan – An Clár v Tiobraid Árann – 8/8/2012
Bhí mé ag súil le cluiche dian tapaidh, oscailte le himirt ó thaobh taobh na páirce aréir, cluiche idir stíl comhimeartha an Chláir i gcoinne stíl díreach Tipp. Ach ba léir gur chuir teannas na hocáide isteach ar an dá fhoireann. Bhí a lán seilbh ag an gClár sa chéad leath ach pé plean a bhí acu bhí sé soiléir nach raibh se ag obair. Bun os cionn leis na builí ar fóiríl a bhí acu - 6 chinn sa chéad 7 nóiméad agus 13 sa chéad leath ina iomlán mheil siad a lán seilbh. Imríodh Cathal “Tots” O ‘Connell amuigh i lár na páirce mar a deineadh i gcoinne Phort Láirge. Ach d’fhág Tipp Andrew Ryan ina áit féin ar imeall na cearnóige agus in ionad pasanna gairide a chur isteach go dtí an leath line tosaigh ar dtús agus ó shin isteach go Conor Mc Grath cuireadh an t-uafás liathróid fada díreach isteach áit ar bhailigh lán chúlaí Ryan é gan stró áit a raibh triúr i gcoinne beirte istigh.
Ar an taobh eile theip ar Tipp scór d’fháil sa chéad 15 nóimead ach bhí seansanna cúil acu sa leath seo ach níor tógadh iad agus tar éis do Chian Hogan an obair chruaidh a dhéanamh chun liathróid ard d’fháil theip air é a bhuaileadh isteach sa líontán folamh.Cailliúint cinniúnach ab ea é seo i dtéarmaí an chluiche iomlán.
Bhí an iomáint níos saorga sa dara leath agus tháinig feabhas mór ar an imirt ghinearálta. Agus “Shootout” a bhí ann idir an dá 10,Tony Kelly don Chlár agus John O’Dwyer do Tipp. Fuair O’Dwyer cúl le 10 nóiméad le dul ach tharraing Na Cláirínigh iad féin ar ais le cúilíní ó Tony Kelly agus Conor Mc Grath agus comhscór a bhí ann 1-10 go 0- 13. Leis an gcluiche ag druidim go críoch cheapas go gcríochnódh sé ar chomhscór ach shleamhnaigh Tipp chun tosaigh agus bhí an cosúlacht ann go ndéanfadh cúilíní O’Dwyer agus ionadaí Aidan Mc Cormack an difríocht. Ach bhí an–chreidiúint sa Chlár agus lean said ag ionsaí. Tar éis do Kelly an t-íosmheid a fhágaint eatarthu le 65 sa nóimead deiridh d’ionsaigh ionadaí Cathal Mc Inerney cosainteoirí Tipp go láidir agus nuair nach raibh mórán spáis ann thug sé pas “pop” go ionadaí eile Niall Arthur agus chríochnaigh sé an gluaiseacht. Ba léir gur thuig an bheirt acu cad a bhí uatha agus cad a bhí le déanamh agus tá ard mholadh tuillte acu don tuiscint a bhí eatarthu. Sa deireadh mar sin bua ag an gClár agus le 16 seans curtha ar strae acu bheidís á gciceáil féin dá bhfágfaidís ina ndiaidh. Slí iontach chun cluiche a bhuacan ach beidh áifeála ar Tipp chomh maith nár chríochnaigh siad seansanna do chúilíní sa dara leath agus an seans órga chúil a fuair siad ag am cinniúnach díreach roimh leath am.
Donal O’Grady, blog GAA Beo
