Craobh Iomána Bord Gáis Energy Fé 21 – Cluiche Ceannais na Mumhan – An Clár v Tiobraid Árann – 8/8/2012
Tháinig slua mór go Páirc Chíosóig aréir agus bhí siad uile ag tnúth le sárchluiche eile idir An Clar agus Tiobraid Árann. Ní bhfuair siad é sin ach ní bheidh muintir An Chláir ag gearán faoi chaighdeán na himeartha inniu- mar a deirtear- “Tá sé i bhfad níos fearr drochchluiche a bhuachaint ná sárchluiche a chailliúnt”.
Sa chéad ceathrú den chluiche seo, chruthaigh An Clár ana chuid seansanna scórála ach chuir siad amú iad. Bhí siad ag imirt le beirt sa líne lántosach ach chuir siad an iomarca den sliotar anuas ar an gcearnóg, áit a bhí Andrew Ryan, lánchúlaí Thiobraid Árann, ina aonar.
Diaidh ar ndiaidh áfach, shocraigh siad síos beagáinín ach bhí na Tiobraidigh níos eacnamúla leis an seilbh a bhí acu. Chaill Cian Hogan dhá sheans chun cúil a scóráil; d’aimsigh sé cúilín ón gcéad ceann ach chuir sé an dara sheans amú agus an líon folamh.
Chaill An Clár trí sheans déag sa chéad leath sin in aghaidh ceithre cinn de sheansanna ag Tiobraid Árann, a bhí chun tosaigh 0-6 go 0-5 ag leathama. Bhí cúrsaí i bhfad níos fearr sa dara leath ó thaobh cruinneas agus ó thaobh caighdeán na himeartha go ginearálta. Bhí tréimhsí maithe ag an dá thaobh ach cé go raibh cuma níos fearr ar An gClár, ní raibh siad ábalta dul chun tosaigh go ceann i bhfad.
D’imir Tony Kelly ar fheabhas dóibh agus scórail sé 0-7, 0-4 ón imirt. Fuair Séadna Morey cúilín iontach agus chualamar lucht leanúna An Chláir ag béicigh go paiseanta don chéad uair.Bhí siad dóchasach ansin ach bhí casadh eile le teacht fós. Bhí John O’Dwyer, captaen Thiobraid Árann ag imirt ar fheabhas (chríochnaigh sé le 1-7) agus nuair a rinne Jason Forde go maith chun seans cúil a chruthú dó, chuir sé na heangacha ag damhsa.
Ní don chéad uair riamh a chonaiceamar gur farasbarr dainséarach í dhá chúilín agus sin mar a thit rudaí amach….fuair Cathal McInerney an sliotar agus d’aimsigh sé Niall Arthur agus d’éirigh leis cúl cinniúnach a scóráil san am breise…an-obair ón mbeirt a tháinig isteach mar fir ionaid sa dara leath. Ní raibh Arthur ar an bpáirc ach cúpla nóiméid.
Bua stairiúil do na Cláirínigh mar níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil riamh ar na Tiobraidigh i gcluiche ceannais faoi 21. Thaisteal Tiobraid Árann bóthar fada, crua chun teacht chomh fada leis an gcluiche seo. Bhí orthu dhá chluiche a imirt as baile i gCorcaigh agus i Lumneach agus bhí siad as baile aréir freisin. D’imríodar go hana mhaith agus ba cheart dóibh bheith bródúil as a gcuid
iarrachtaí. Cliosfimid fúthu arís sar i bhfad. Comhghairdeas do na Cláirínigh.
Pat Fleury, blog GAA Beo
