Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘GAA BEO’ Category

Tar éis ceithre babhta den scoth le roinnt mhaith torthaí suimiúil iontu tá gach foireann i Roinn 1A fós san iomaíocht chun chéim chun tosaigh agus chéim chun deiridh a thógaint! Tá Port Láirge ar bharr (cé a chreidfí) agus an Ghaillimh ar bhun gan ach dhá phointe eatarthu, Casfaidh siad ar a chéile an Domhnaigh seo chomh maith le Cill Chainnigh vs Corcaigh agus Tiobraid Árainn vs An Clár. ‘Super Sunday’ atá ann gan dabht!

Níl ach cluiche amháin buaite ag Corcaigh agus tharla sin sa chéad seachtain agus iad ar fheabhas i gcoinne Tiobraid Árainn. Fós féin tá dhá chomh scór aimsithe acu agus beidh siad ag súil le bua a fháil ar na cait. Tá dhá chluichí buaite acu siúd ach d’fheadfá rá gur thug siad taispeántais níos fearr sna chluichí atá caillte acu! Beidh áthas orthu leithéidí Michael Rice, Michael Fennelly agus Walter Walsh a fháil tharr n-ais ach tar éis dóibh Paul Murphy agus Jackie Tyrell a chailliúint de bharr gortaithe tá an seomra éigeandála dhubh le othair, Henry Shefflin, T.J Reid agus Cillian Buckley ina measc. Tá Lester Ryan agus Ger Aylward ag socrú isteach go deas agus bíonn chontúirt ag baint le Richie Hogan, Eoin Larkin agus Aidan Fogarty i gcónaí. Beidh Brian Cody ag iarraidh taispeántais iomlán óna chuid imreoirí chun a bheith chinnte go mbainfidh siad an cluiche leathcheannais amach.

Tá roinnt mhaith athraithe tagtha ar foireann Corcaigh le blianta anuas agus, mar a dingeadh i 1999 tá béim cuartha ag an óige ag Jimmy Barry Murphy. Is iománaí den scoth é Conor Lehane agus caithfear a bheith tógtha le taispeántais Lorcán McLoughlin chomh maith. Tá cruinneas faoi leith ag Pat Horgan agus cuir é sin leis an All star atá ag cúl báire Anthony Nash agus an taithí atá ag Pa Cronin agus Tom Kenny agus feictear go bhfuil painéil cumasach ag JBM. Tar éis sraith réasúnta mhaith a thug tuilleadh taithí dóibh mar foireann, rud a bhí ag teastáil, beidh siad san iomaíocht sa Craobh níl aon amhras faoi sin. É sin ráithe ní dóigh liom go mbeidh dhóthain acu chun an bua a fháil anseo fiú go fhéadfadh sé bheith ghearr!

Verdict: Cill Chainnigh

Hugh Breathnach

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz – Roinn 1, Babhta 4 – Cill Dara v Ath Cliath  – 10/3/2013

Tomás Ó Flatharta

Tomás Ó Flatharta

Ceithre bhua as cheithre chluiche agus iad ag feabhsú gach seachtain. Bhí Áth Cliath go h-iontach i gcoinne Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh. Dhéanadar scun scan do leaids na geansaithe bána sa dara leath.

Cúpla rud faoi na Dubs. I dtosach, táid óg, aclaí agus faor caide orthu. Tá stíl mhaith acu, bogann siad an chaid an-thapaidh suas an pháirc agus tugann siad ana thacaiocht dá chéile.  Bhíodar go hiontach i lar a’ ghoirt, áit inar bhuadar an chuid is mó dos na ciceanna amach.  Tá’s againn cé chomh maith is atá leithéidí Brogan, O’Carroll agus Connolly ach i mbliana tá leaids iontacha óga faighte acu i Cooper, McCaffrey agus Kilkenny. Tá Alan Brogan, James McCarthy, Philly McMahon, agus Kevin Nolan fós le teacht thar nais, agus mar sin beidh sé spéisiúil cén cúigear déag a thosnóidh sa chraobh dóibh.

Beidh Cill Dara thar a bheith díomách leis an slí inar buadh orthu. Bhi an chaid acu go minic sa chéad leath ach bhí sé do cheart acu níos mó scóranna a bheith faighte acu. Beidh orthu féachaint athuair ar a bplean cosanta mar tá a gcúlaithe ag tabhairt an iomarca spáis dos na tosaithe. Áit eile go mbeidh orthu feabhsú ná na ciceanna amach, mar nílid á mbuachaint. Dhéan Johnny Buckley Chiarraí an diabhal ina gcoinne an tseachtain seo caite agus do dheineadh slad orthu leis na ciceanna amach arís inniu. Muna bhfuil siad ábalta a gciceanna amach féin a bhuachaint beidh sé deacair dóibh scóranna a fháil .Cé gur droch lá a bhí ann dóibh inniu, ábhair dóchais dóibh é go bhfuaireadar dhá bháide arís.

Agus cad faoi Garryowen Chiarán Kilkenny? Ní minic a fheiceann tú a leitheid sin do scór.

Tomás  Flatharta, blog GAA Beo

Read Full Post »

Cluiche Ceannais Corn Mhic Giobúin – Coláiste Mhuire Gan Smál v Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 2/3/2013

Cathal Moore

Cathal de Mórdha

An scéal is mó roimh an gcluiche seo ná go raibh cead faighte ag Conor Cooney imirt le Coláiste Mhuire gan Smál. Ba mhór an buntáiste dóibh freisin nuair a d’éirigh le Declan Hannon ina achomharc.

Le bheith fírinneach bhí caighdeán na himeartha íseal go maith go háirithe sa chéad leath. Bhreatnaigh na himreoirí tuirseach go maith tar éis na cluichí leathcheannais an lá roimhe.

D’imir Corcaigh níos fearr agus bhí an bua tuillte acu sa deireadh. Bhí na fir mhóra William Egan, Dara Fives agus Conor Lehane an-fheicéalach i rith an chluiche. Fuair siad tacaíocht iontach ó Paul Haughney, Brian O’Sullivan agus an ionadaí Adrian Breen. Thug an captaen Darren McCarthy sár-thaispeántas sa chúl freisin.

Beidh Coláiste Mhuire Gan Smál díomách ach ba léir ón tús nach raibh an fuinneamh acu mar gheall ar an iarracht a chuir siad isteach i gcoinne WIT an lá roimhe. Ní fhaca John Conlon morán den imirt agus chríochnaigh sé gan scór ón imirt. D’fhág siad beirt sa líne lán tosaigh ach níor éirigh leo leis an bplean sin. Níl aon amhras ach go raibh seansanna acu ach tháinig na cúil ró-dhéanach. Is féidir leo imirt níos fearr agus beidh lá eile acu. Ba mhór an eacht an cluiche ceannais a shroichint. D’aimsigh Conor Lehane 1-9 agus b’é an difríocht idir na foirne ag deireadh an lae.

Cathal de Mórdha, blog GAA Beo

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz, Babtha 2

Ciarraí ———- 0-04  1-11 ———- Ath Cliath

24 ———- Cic Amach Iomlán ———- 09

19 ———- Cic Amach Buaite ———- 12

118 ———- Pas Láimhe ———- 133

47 ———- Pas Coise ———- 74

36 ———- Cic Saoire Géilte ———- 34

4 ———- Scóranna ———- 12

5 ———- Seachaí ———- 12

5 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 1

Read Full Post »

Craobh Club A.I.B. Cluiche Leathcheannais na gClub

Cill Chormaic ——–1-20 1-14——- Na Sáirséalaigh

29 ———- Poc Amach Iomlán ———- 27

29 ———- Poc Amach Buaite ———- 26

0 ———- Poc Amach Gear ———- 2

29 ———- Poc Amach Fada ———- 25

11 ———- Poc Saor Géilte ———- 16

21 ———- Scóranna ———- 15

8 ———- Seachaí ———- 14

0 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 0

Read Full Post »

There are seven teams left in this years AIB club championship. This week on blog GAA beo we decided to take a look at the contenders for the Tommy Moore cup. It is still early enough in the competition to make some money from picking the winner so now seemed like the perfect time for this.

1) Thurles Sarsfields

The thirty two times Tipperary champions, have never managed to win the Munster championship never mind the All Ireland. This year appears to be different though, even before their Munster semi final win over Sarsfields of Cork all the talk was of capturing the Munster title. Tipperary made a slightly earlier than usual exit from the championship this year and that has helped to galvanize the squad. Another plus for Sars is the return to form of one Lar Corbett  if his goal two weeks ago is anything to go by he is very close to being back to his best. The release of his book has been a welcome distraction and he has scored a goal in both games he has played since its release. With Michael Cahill, Pa Bourke and team captain Paudie Maher driving this team on All Ireland glory is a real possibility for this team. Lack of experience when it comes to the later stages of the competition would be their biggest stumbling block.

Next opponents : De La Salle in the Munster final

Odds: 11/4

2) Ballyhale Shamrocks

As you would might expect the Kilkenny champions Ballyhale Shamrocks are the bookies favorites to be walking up the steps of the Hogan stand next March. Two weeks ago they claimed their 14th County title, with a less than sensational win over Dicksboro. Shefflin missed two penalties and failed to score from play but they still had too much for the second best team in Kilkenny (a scary statement in its self) . With the Fennelly brothers and James “ Cha” Fitzpatrick, they will prove very hard to beat, but they might just fall short against Thurles Sarsfields should they meet.

Next opponents: Oulart- The- Ballagh in the Leinster Semi final

Odds: 9/4

3) Loughgiel Shamrocks

Last years surprise winners of the All Ireland are back again to prove what they did last year was no fluke. While every All Ireland is great to win, they won last years one with out beating any of the big teams. They beat first time Limerick Champions Na Piarsaigh in the All Ireland semi and first time Leinster champions Coolderry in the final. Winning an All Ireland with out beating a Tipp, Cork or Kilkenny team on route will always be seen as “a handy one”. Having beaten St Patricks of Down in the Ulster final by 18 points the team will be in high spirits but like every team coming out of Ulster it is very hard to judge them with out seeing them play a team from down the south.

Odds: 7/2

4) De La Salle

The 2010 Munster club champions, blasted through the Waterford championship beating Dungarvan 1-21 to 12 points in the final. Their Munster semi was a much closer affair and they were lucky to get out of Sixmilebridge with a win thanks to an injury time John Keane goal.  John Mullane is the key man for De la Salle and the five time All Star has been excellent so far this year and as with Waterford when he plays well, the team play well. Kevin Moran and the O’ Mahony’s will also have a big say on how far their team progress. If De La Salle can get past Thurles next Sunday they could have a major say in the competition. The Waterford city boys have never lost a Munster championship game so playing at this level of competition will not phase them.

Next opponents: Thurles Sarsfields in the Munster final

Odds: 15/2

5) St Thomas

St Thomas’s survived the battle of Salthill last weekend and after getting through that they will be full of confidence. They will not face a tougher physical battle for the rest of the year. Any team with six brothers on the panel is always going to be a close knit group and they showed that through out the championship. After losing their first game of the championship to last years Galway champions Gort, St. Thomas’s have gone seven games undefeated. County players David Burke, Conor Cooney, James Regan and Darragh Burke make up the back bone of the side. The Galway representatives have traditionally been very strong in the latter part of the All Ireland series. Galway club champions have won the All Ireland more than any other county champions, wining it eleven times in total.

Odds: 11/2

6) Oulart the Ballagh

The Wexford champions breezed through their county championship, winning all eight games to claim their tenth county title and third in a row. In the Leinster semi final under terrible conditions, Oulart started excellently against the Dublin champions Kilmacud Crokes. They faded badly in the second half and were lucky to hold on in the end. They had eight players on the Wexford squad that were knocked out of this year’s championship by Cork. Six of them started Paul Roche, Keith Rossiter, Darren Stamp, David Redmond, Garrett Sinnott, Rory Jacob. Eoin Moore and Shaun Murphy were on the bench that day. They face a huge challenge against Ballyhale on Sunday, and it is hard to see them going any further in the championship. However it is when a Wexford team is written off , is when they are at their most dangerous.

Next opponents: Ballyhale Shamrocks in the Leinster Semi final

Odds:  10/1

7) Kilcormac/Killoughey

The Offaly champions are the ranked outsiders to be celebrating come March 17th despite the fact they are already in the Leinster final. They have come through the easier side of the Leinster championship avoid both the Kilkenny and Wexford champions. In their last game they came from four points down with fifteen minutes to go to win by four points. This is the club’s maiden voyage into the All Ireland championship as they had never won the county before this year. The experience of making a Lenister final will be invaluable to them but Ballyhale/ Oulart the Ballagh will have too much for them on the day.

Odds: 14/1

Paul Jenkins, blog GAA Beo

Read Full Post »

Cluiche Ceannais Sinsir na mBan – Ciarraí v Corcaigh

Máire Ní Bhraonáin

Tá corn Breandán Uí Mháirtín ar ais i gCorcaigh don seachtú uair taobh istigh de hocht mbliana Dé Domhnaigh seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Corcaigh i bPáirc an Chrócaigh i gCluiche Cheannais Sinsir na mBan.
Chas an dá fhoireann seo le chéile i gcluiche cheannais na Mumhan níos luaithe i mbliana agus bearna sé chúilín a bhí eatarthu an lá sin.
Ní féidir a shéanadh ach gur thriail Ciarraí cúpla rud a athrú ón lá sin. Chuir siad strátéas cosanta i bhfeidhm in aghaidh na Gaillimhe agus cé gur oibrigh sé dóibh don chluiche sin, ní mar sin a tharla sé ar an lá mór. Bhí dul amú orthu dá gceapadís nach mbeadh freagra ag Corcaigh nó nach mbeidís ag teacht i dtír ar an spas agus saoirse bhreise a bhí ag a leithéidí Geraldine O’Flynn agus Breege Corkery.
Thug tacticí Chiarraí deis do Chorcaigh a gcuid ionsaí a thosú óna líne leath chúl. Tharla nach raibh ach beirt sna tosaithe ag Ciarraí don chuid is mó den chluiche. I lár páirce, bhí an lámh uachtar ag Juliette Murphy agus Norita Kelly agus níor scoileadh móran pasanna ar strae i rith an lae. Ní raibh coimhlint mhór le feiceáil in aon áit ar an bpáirc agus is dócha gur chabhraigh saoirse na páirce le Corcaigh. Ní raibh sé easca do Louise Ní Mhuireachtaigh lámh nó cos a leagan ar an liathróid. Thaitin an liathróid ard a bhí seolta isteach ag Ciarraí, le Bríd Stack agus Deirdre O’Reilly agus is beag seans a thug siad do thosaitheoirí Chiarraí.
Is mór an trua gur fhan Lorraine Scanlon istigh sa líne lán tosaigh nuair nach raibh soláthar liathróide ag teacht ina treo ó lár na páirce.
Ghlac Valerie Mulcahy scóranna ó chiceanna saoire ag póintí áiríthe i rith an chluiche agus ag leath ama bhí Corcaigh seacht gcúilín chun tosaigh.
Thaipeáin Corcaigh an neart a bhí sa phainéal nuair a thosaigh Doireann O’Sullivan don chéad uair sa chraobh i mbliana agus fuair sí ceithre cúilín. Is í an cheist anois ná an mbeidh aon fhoireann in ann stop a chur le Corcaigh I 2013? An scór deiridh, Corcaigh 0-16 Ciarraí 0-7.

Cluiche Ceannais Idirmhéanach na mBan – Ard Mhacha v Port Láirge
Bhí an bua ag Ard Mhaca in aghaidh Phort Láirge i gluiche cheannais idirmhéanach na hÉireann le seacht gcúilín eatarthu sa deireadh. Thaispeáin Ard Mhaca árd chaighdeán imeartha sa chluiche seo ach caithfear a admháil go raibh sé dochreidte gur bhuaigh siad le seacht gcúilín cé gur chuir siad aon iarracht ‘s fichead ar foiréail i rith an chluiche. Thosaigh an dá fhoireann go scioptha agus níor thóg sé i bhfad ar Michelle McGrath a céad scór a aimsiú.
D’oibrigh Ard Mhaca le deiseanna maithe a chruthú ag tús an chéad leath. Nuair a bhuail iarracht Caroline O’Hanlon an trasnán, ní raibh aon fhaitíos ar Shauna O’Hagan é a chríochniú sa chúl. Cé gur aimsigh Hannah Landers, imreoir óg na nDéise cúl í féin, bhí an chuid is mó den seilbh ag mná Ard Mhaca sa chéad leath. D’oibrigh Linda agus Aileen Wall go crua sna tosaithe ach níor tugadh an saoirse céanna dóibh ‘s a bhí acu sa chluiche leath cheannais. Caithfear a admháil gur ionspráideach an taispeántas a thug an lán culaí Laura Brown ó thús an chluiche. Bhí sí an-éifeachtach agus is í a fuair laoch an chluiche. Bhí smacht ag Ard Mhaca ar an gcluiche i gcónaí agus chinntigh Catherine McAlinden nár tháinig Port Láirge ar ais sa chluiche. Cé gur bronnadh cic eirice ar Phort Láirge agus cúpla seans ar chúl, níor éirigh le na Déise an bhearna a laghdú.
Is cinnte go mbeidh díoma ar na cailíní ó Phort Láirge ach ag ní féidir a shéanadh go raibh an seilbh na liathróide i lamha Ard Mhaca d’fhormhór an chluiche. Bhuail Corcaigh le cúilín iad i gcluiche cheannais na hÉireann i 2006 ach beidh siad ar ais sa ghrád sinsear an bhliain seo chugainn. An scór deiridh ná Ard Mhaca 1-12 Port Láirge 1-5

Cluiche Ceannais Sóisir na mBan – An Lú v  Aontroim

Bhí neart daoine den tuairim go mbeadh Co Lú in ann an cluiche leathcheannais a bhucaint gan stró. Níl aon dabht ach go raibh neart taithí ag an dá fhoireann seo. Bhuail siad Uibh Fháilí sa chluiche leath cheannais  agus bhuail siad Aontaoim le naoi bpointe níos luaithe i mbliana. Ach ba iad mná Aontroma a ndeachaigh abhaile leis an gcorn soisear don dara uair taobh istgh de cheithre bliana. Bhí tús láidir ag Aontroim, cé gur thosaigh siad in aghaidh na gaoithe. Thug Anna Finnegan, Mairéad Cooper agus Kirsty Mc Guinness an-taispeántas agus Ciara McCoy sa chúl, agus bhí gradam do laoch an chluiche tuillte go maith aici
Chabharaigh an cic eirice sa chéad leath a bhí scóráilte ag McGuinness ach ba bhuille chiniúnach a bhí ann do Chontae Lú mar chaill said Pearson nuair a fuair sí cárta buí. Ghoill sé go mór orthu nuair a bhí orthu athrú a dhéanamh ag an bpointe sin den chluiche.
Ag leath ama, bhí Aontroim chun tosaigh le 2-3 in aghaidh 0-2. Fuair Anna Finnegan cúl ansin. Bhí sé an-deacair do Chontae Lú teacht ar ais ansin. Bhí strátéisí maithe in úsáid ag Aontroim. Bhog siad an liathróid go scioptha, chuir siad pasanna an-chruinn isteach i dtreo na tosaitheoirí. Bhí an Lú ag braith ar a léithéidí Ann-Marie Murphy agus Marie O’Connell, beirt le neart taithí. Thriail Rosanna Heeney, Ann-Marie Murphy cúl a fháil deireanach sa dara leath ach níor éirigh leo. Tugadh cárta buí do Mhairáad Cooper ach níor chuir sé isteach ar éacht an lae. Thug mé faoi deara gur patrún an lae a bhí ann i slí amháin mar fuair Louise Ní Mhuireachtaigh cárta buí ag deireadh an chluiche cheannais Sinsir freisin. Tarlaíonn sé go minic go n-eascraíonn frustrachas agus lagmhisneach ag deireadh chluiche nuair a éiríonn sé aon-taobhach. Ba mhór an bhearna a bhí idir na foirne Bhuaigh Aontroim an corn Soisear i 2009 agus sa ghrád idirmhéanach a bheas siad ag imirt an bhliain seo chugainn. An scór deiridh Aontroim 3-9, An Lú 0-7.

Máire Ní Bhraonáin, blog Peil na mBan BEO

Read Full Post »

Corcaigh v Ciarraí

Corcaigh buacach  arís  i gcluiche ceannais peil na mban agus iad ag tabhairt a seachtú craobh leo  laistigh do ocht mbliana, murach an cluiche ceathrú ceannais a chailleadar v Tír Eoghaín 2010 lá tragóideach  dóibh é.

Robbie Ó Grifín

Bhí  Briege Corkery ag taisteal agus gortaíodh Geraldine ó Flynn agus Ciara ní Shúilleábhain agus anuas ar sin d’íobríodh Aisling Barrett agus Brid Stack go dtí bosca na bpeacaí.  ghoill cad a tharla an lá san go mór ar ná Corcaigh. Ba í seo an t-aon chluiche craoibhe a chailleadar le  hocht mbliana, muraach an mí-ádh a bhí leo ar an lá sin seans maith go mbeadh hocht craobh as a cheile  buaite acu.  Toradh a seo ar an sár obair tá déanta ag Eamonn Ó Riann agus a fhoireann bainistíochta leis a fhoireann thar na blianta.

Is beag duine a thug seans d’fhoireann na ríochta ag dul isteach sa chluiche ceannais  don chéad uair ó 1993. Stíl imeartha Chiarraí bunaithe ar córas cosanta na gConallach, córas é seo a bhí éifeachtach  dóibh ins na cluichí go dtí seo.  Má bhí aon fhoireann chun an córas seo a briseadh síos ba  iad na Corcaígh a dhéanach é. Ar an lá bhí imirt Chiarraí ró chosantach, gluaiseacht na liathróide ró mhall agus gan iad ábalta caid mhaith tapaigh a chur isteach go dtí na tosaithe, lé Ciarraí ag feidhmiú lé triúr ná ceathrar tosaí thug seo cuireadh do line leath chúil Chorcaí teacht aníos faoin bPáirc ag ionsaí, rud a dheineadar go rábach, leis  an tsaoirse seo agus fairsing na Páirce,  d’fhág seo cosantóirí Chiarraí faoi bhrú agus ghéilleadar mórán ciceanna saor 35  ar an lá rud nach féidir a dhéanamh lé tosaithe chomh cumasach lé Valerie Ní Mhaolchatha  timpeall 0-7(0-6f) ar an lá. taispeántas breá fóirne a chonaiceamar ós ná Corcaigh ach caitheadh mé tagairt speisialta a dhéanamh faoi laoch na himeartha Geraldine Ní Fhloinn agus an sár ógánach Doireann Ní Shúilleabháin a fuair ceithre chúilín ón imirt ar an lá. Ní raibh Corcaigh faoi bhrú ag aon am sa chluiche seo, iad chun cinn 0-10 le 0-3 ag leath am.  Iad sásta a gcuid pointí a thógaint  agus iad ag críochnú go maith sa dara leath leis an scór deiridh 0-16 le 0-7. Caithfidh foireann na ríochta foghlaim agus tógaint ar an taithí a tháinig le himirt i bPáirc an Chrócraigh.  Le cúnamh Dé fanfaidh an fhoireann le chéile agus más féidir leo cúpla imreoir eile a thabhairt isteach bheinn dóchasach go mbeidís ar ais i bPáirc an Chrócaigh arís go luath.

Ard Mhaca V Portláirge

Bhí sé soiléir le feiscint  gur sheas an taithí a bhí ag foireann Ard Mhaca ó bheith ag feidhmiú sa ghrád sinsear le blianta anuas dóibh sa ghrád idir mheanach i mbliana.  foireann láidir fisiciúil le peileadóirí  maithe, bhí sé soiléir ó thús an chluiche seo go raibh foireann Ard Mhaca i bhfad éireann níos treise ná foireann na nDéise. Cé ná raibh ach farasbarr do sheacht gcúilín acu faoi dheireadh na himeartha, nuair a chuireann tú san áireamh gur cuireadar 21 liathróid ar forail.   léiríonn san chomh héifeachtach agus a bhíodar.  Bhí córas cosanta an éifeachtach acu agus bhaineadar an úsáid as an bpeil le gluaiseachtaí maithe tapaigh. Ní bhfuair mná na nDéise aon spás ó Ard Mhaca agus bhí a gcosantóirí ar fheabhas ar fad ar an lá, go h-áirithe laoch na himeartha  Laura Brown agus an leath chúlaí láir Niamh Marley. Thug Caroline O’ Hanlon sár thaispeántas uaithi timpeall lár na páirce, d’oibrigh na tosaithe an crua,  ach caithfeá bheith díomách leis an méid liathróid a chuireadar ar foraoil ar an lá. Bheadh lucht leanúna peil na mban ag súil go dtógfadh Ard Mhaca ar an taispeántas seo agus iad ar ais sa ghrád sinséar an bhliain seo chugainn.  Ag féachaint siar ar na taispeántais maithe a thugadar uatha i mbliana ba cheart go ndéanfaidís go maith sa ghrád sinséar.  Briseadh croí  d’fhoireann na nDeise ar an lá.  Lá nár chuaigh faic i gceart dóibh. Tá imreoirí maith acu ach caithfidh siad úsáid níos fearr a bhaint as an bpeil. Tá an iomad pasáil acu agus a gcuid imeartha ag briseadh síos dá dheascadh.

Aontroim V An Lú

Comhghairdeas le foireann Aontroim a bhí i bhfad ró láidir d’fhoireann An Lú. Dhá chúl leath shlí tríd an chéad leath a chuir solas an lae idir na foirne agus a d’fhág nach raibh aon teacht ar ais ag foireann An Lú ina dhiaidh. Bhí cúl báire Aontroim Ciara Mc Coy ar fheabhas ar fad le trí shábháil iontacha agus laoch na himire tuillte aici.  Bhí fadhbanna ag cosantóirí Lú dul i ngleic le tosaithe Aontroim go háirithe Kirsty Mc Guinness agus Anna Finnegan. Bhí an chraobh seo buaite ag Aontroim cheana in dhá mhíle sa naoi agus bhí an taithí a tháinig le sin soiléir le feiscint. Tá sé tábhachtach go dtógfadh siad ar an taispeántas seo anois agus go gcífimid iad ag déanamh go maith sna blianta romhainn amach sa ghrád idir mheanach. Tá peileadóirí maithe idir óg agus aosta le taithí acu, le co oibriú maith idir na himreoirí, an foireann bainistíochta agus  bord an chontae beidh laethanta geala acu amach anseo.

Robbie Ó Grifín, blog Peil na mBan BEO

Read Full Post »

An Clár v Cill Chainnigh

Pat Fleury

Pat Fleury

Ba cheart go mbeadh lucht leanúna An Chláir ana dhóchasach faoin dtoghchaí tar-éis an bua suntasach a bhí acu thar na Cait tráthnóna Dé Sathairn seo
caite. Ceann de na tréithe is fearr a bhí ag foireann na nóchaidí ná neart aigne agus tá sé soiléir go bhfuil an dream seo gach pioc chomh láidir leo sa ghné sin.
Ní raibh mórán daoine ag tabhairt seans dóibh ag dul isteach sa chluiche seo…ní nach ionadh nuair a smaoiníonn tú ar na taispeántaisí a thug Cill
Chainnigh níos luaithe sa bhliain, go háirithe i gcoinne Loch Garman agus Gaillimh.
Mar sin féin, shocraigh na Cláirínigh síos go tapaidh agus chuaigh siad i mbun a gcuid gnó. Bhí an líne lán tosach ag teacht amach ón gcúl agus bhí
siad ag cruthú neart spáis dóibh féin. Rinne Conor McGrath go maith chun deis a chruthú do Cathal O’Connell agus sháigh sé an sliotar sna heangacha.
Chríochnaigh an fear seo le 1-6, o-3 ó phocanna saoire agus gradam Laoch na hImeartha.
Rud amháin a thaispeáin cé chomh maith is a bhí An Clár ag imirt sa chéad ceathrú sin ná go bhfuair beirt de na leathchúlaithe cúilín an duine agus
gur scóráil Colm Galvin i lár páirce dhá chúilín sa tréimhse sin freisin agus chuaigh siad sé chúilín chun tosaigh.
Faoi dheireadh, mhúscail na Cait iad féin agus bhí Walter Walsh ana dhainséarach. Scóráil sé dhá chúilín chun a chomrádaithe a ghríosadh – bhí
sé míámharach nach ndeachaigh an dara iarracht isteach sa líon. Rinne Ronan Taaffe ana shábháil chun é a choimead amach. Scóráil John Power cúl ó phoc
éirice nuair a rinneadh cailíos air féin agus shleamhnaigh Ger Aylward isteach thar na cosainteoirí chun cúl a fhaíl congarach do leathama agus
chuaigh Cill Chainnigh  isteach trí chúilín chun cinn agus gach cuma orthu go mbeadh siad ábalta an cleas céanna a imirt sa dara leath más gá.
Ní bheadh a fhios againn go deo ceard a thasrla ins na seomraí feistis ach thainig An Clár amach sa dara leath agus fuair siad greim ar an gcluiche
arís ach an babhta seo, ní raibh sé in aigne acu an greim sin a scaoileadh uathu ag am ar bith.
Scóráil siad 1-10 sa dara leath in aghaidh 0-4 do Cill Chainnigh…insíonn sin a scéal fein, dar liom, le cúl agus cúilín óna gcaptaen, Conor McGrath,
chomh maith le cúilíní iontacha ó Cathal McInerney(3), Cathal O’Connell(4), Shane Golden agus Aaron Cunningham.
Rinne Cill Chainnigh a ndícheall chun an taoide a chasadh ach, ar an oíche seo, bhí An Clár rómhaith dóibh agus thuill siad an bua stairiúil a bhí
acu. Tréaslaím leo.

Ros Comáin v Cill Dara …. Cluiche Ceannais B

Bhí an t-ádh dearg ag na daoine a tháinig isteach go Staid Semple go luath Dé Sathairn seo caite mar bhíodar in am chun ard taitneamh a bhaint as an
gcluiche ceannais B idir Ros Comáin agus Cill Dara.
Ní raibh mórán idir na fóirne ag am ar bith agus bhí na scóranna ag teacht go tiubh ón dá thaobh. Bhí Conor Kenny, Martin FitzGerald, Gerry Keegan
agus Conor O’Hehir ag déanamh go maith do Chill Dara s chéad leath agus bhí Niall Kilroy, Jamie Lawlor, Robbie Fallon agus Brian Donnelly ana
fheiceálach do na Rossies, a bhí beagainín chun cinn ag leathama, 2-9 in aghaidh 2-7.
Bhí cuma maith ar fhoireann Chill Dara sa dara leath agus iad ag iarraidh an craobh a bhuachaint don chéad uair, go háirithe tar-éis an díomá a
d’fhulaing siad ag an stáitse céanna anuraidh ach ní bhfuair siad na scóranna chun bearna a oscailt idir na fóirne.
Scóráil lántosaí Ros Comáin, Naos Connaughton, an cúl cinniúnach sa dara leath sin, agus le trí chúilín ó laoch na himeartha, Niall Kilroy, péire ó
Robbie Fallon, agus taispeántaisí croíúlá ó gach imreoir ar an bhfoireann, d’éirigh leo an bó a chur thar abhann.  Bua iontach uathu agus cluiche
sciliúil, taitneamhach ón dá thaobh.

Pat Fleury,blog GAA beo.

Read Full Post »

Donal O’Grady

Bhí dhá cluiche den scoth inné i nDúrlas agus rug an “gorm is buí” an dá craobh leo.Tugadh sár taispeántas de scóráil cúl agus pointi sa chluiche idir Ros Comáin agus Cill Dara.B’e cúl Naos Connaughton ag tús an dara leath agus a phointe ag an deireadh a sciob  an craobh do mhuintir Chonnachta. Ach ba é an pointe a fuair Robbie Fallon ó bhuille saor agus iad trí chuilín chun deiridh agus deich nóiméid nó mar sin le dul nuair a fuair Connaughton “gualainn”amuigh sa chliathán ar chlé a bhí sár thabhachtach dá mbua.Poc saor deacair a bhí ann agus bhí  cinneadh an réiteora  amhrasach  a dhóthain. Thug sé Na Rossies ar ais isteach sa chluiche nuair a bhí an smacht go h iomlán ag Cill Dara i lár na páirce agus sa line leath chúil ag an am. B’é an troid a rinne Ros Comáin ón bpointe sin ar aghaidh an difríocht ach beidh díomá mór ar Chill Dara mar leis an seilbh a bhí acu ba choir go mbeadh níos mó scór ar an mbord acu.Thug Robbie Fallon agus Niall Kilroy sár thaispeántais do Ros Comáin agus rinne Gerry Keegan ag lán tosach agus Conor Kenny mar lár tosaí a ndícheall chun an bua d’fhail do  Chill Dara.

Thug sár thaispeántas an Chláir sa dara leath den chraobh A an bua dóibh.Bhí said cúl chun deiridh ag an mbriseadh ach fuair said 1-10 i gcomparáid le 0-4 do Chill Choinnigh sa dara 30 nóiméad.Nuair a bhi Cill Coinnigh trí chúilín chun tosaigh cheap me go gcoimeádfaidís an sé chosainteoir ina n áiteanna ag tús an dara leath,go h airithe an leath líne. Lean an Clár an taistic a d’úsáid said sa chéad 15 nóiméad agus bhí mise ag ceapadh go leanfadh Cill Choinnigh an taictic a thug ar ais sa chluiche iad sa chéad leath. Ach ní dhearna.Lean uimhir 7 do na Cait Joe Lyng leathtosaí an Chlair Tony Kelly ,a d’imir mar fear lár páirce amach is amach sa dara leath.Ní raibh aon éifeacht ag Lyng san áit sin agus toisc go raibh an leath line amuigh go domhain i lár na páirce bhi an t uafás spás fágtha do Conor Mc Grath ,Cathal Mc Inerney agus Cathal “Tots” O Conaill don Chlár laistigh den line 45 m. áit a raibh an spás plódaithe do chill Choinnigh sa taobh eile.Thug O Conaill sár thaispeántas do scileanna iománaiochta .Bhí a chamán mar bata draíochta agus rinne an liathróid pe ordú a fuair sé ón draoi. Am i ndiaidh ama thainig sé i dtreo na liathróide fé lán luas agus “greamaíodh” an liathróid le bas an bhata.Fuair an line istigh pasanna iontacha ó na fir lár pairce agus d’úsáid siad an liathróid chun na scóranna a fháil. Sa deireadh fágadh na “Cait” le taictic amháin – buillí fada a chur isteachagus de chuid mhaith an ama fágadh Walter Walsh agus John Power,an bheirt is airde agus is láidre a bhi acu amuigh sa leath line agus Ger Aylward íseal istigh agus beirt air.Níl dabht ar bith ann ach gur chuir gortú Ollie Walsh isteach go mór ar Chill Choinnigh mar bhi sé ag dul go maith agus ní raibh an caighdeán céanna ar an mbínse ag an mbainisteoir Richie Mulrooney. Bhí sár chluiche ag cosainteoirí an Chláir,Pat O Connor agus Seán Flanagan ach go háirithe, a bhí saor sa chúinne sa dara leath agus scuab sé suas gach aon liathróid a bhris istigh timpeall an chúil. Tabharfaidh an bua seo ard mhisneach do bheirt bhainisteoir an Chláir Gerry O Connor agus Donal Maloney.Is
léir go n imríonn an fhoireann dóibh, go bhfuil taicticí oiriúnacha don fhoirerann acu agus bhfuil an “stuif” acu chun craobh sinsear a bhuacan.Tá Davy Fitz mar bhainisteoir sinsear do chúpla bhliain eile ach ba chóir go bhfaighfeadh  an bheirt seo a seans ,má ta sé uatha, nuair ata téarma Mhic Ghearailt istigh.

Dónal O Grady, blog GAA beo.


Read Full Post »

Older Posts »

Follow

Get every new post delivered to your Inbox.

Join 12,792 other followers