Sraith Peile Allianz – Roinn 1, Babhta 7 – Tír Eoghain v Ciarraí – 7/4/2013
Bhí an-sheachtain ag imreoirí chaide Chiarraí. Saoire sa Phortaingéil, bua ar Thír Eoghan san Omaigh agus cinntiú go bhfanann siad i Roinn a hAon.
Tar éis mórán cainte sna meáin i rith na seachtaine go mbeadh cogadh dearg idir na foirne, ní shin mar a bhí. Thug Ciarraí taispeantas breá uatha sa chéad 35 nóiméad. Bhíodar ag imeacht chun cinn go láidir leis an gcaid agus pasáil maith ar siúl acu, na tosaithe ag taispeáint go maith agus scóranna ag teacht ó mórán imreoirí difriúla.
Ón dtaobh eile den scéal, ní raibh Tír Eoghain san imirt in aon chor. Do fhoireann atá le blianta iontach ag cosaint agus ag taicleáil níor chuireadar lámh nó barra méir ar imreoirí Chiarraí. Bhí imreoirí Chiarraí ag rith tríthu go furaist. Deinim amach go mbeadh siad an-dhíomách leis seo agus níl dabht ná go raibh focail ag Mickey Harte leo ag leath ama.
Ba é Colm Cooper rí imreoirí Chiarraí sa chéad leath seo. Do bhuaigh sé mórán caide agus chuir sé gach ceann acu i bhfearas go hiontach, chomh maith le cúpla pointe a chiceáil. Is cosúil le sean mhadra é leis an ngliceas atá ann.
An fear is mó a bhain tairbhe as a ghliceas agus as a chuid pasanna breátha ná Kieran Donaghy. Bhí sár-chluiche ag Donaghy inniu.
Le naoi bpointe idir na foirne ag leath ama, dúshlán mór a bhí ann do Thír Eoghain ach bhí an ghaoth acu sa dara leath agus seans acu dá bharr. Ní go dtáinig Martin Penrose, Conor Clarke agus Conor Gormley ar an ngort go dtáinig aon spiorad ionta áfach.
Anois thosnaíodar ag fáil scóranna agus thosnaigh an slua ag liúirigh. Go deimhin fuaireadar sé bpointe as a chéile sa dara leath céanna agus ba an-theacht aniar a bhí ann. Ach ansin chuadar 14 nóiméad roimh an deireadh gan aon scór a fháil agus b’shin a chuir deireadh leis an moiminteam.
Cé go ndéanadar gach iarracht ag an deireadh an cluiche a chuir ar chomh scór nó a bhuachaint, sheas leithéidí Kieran Donaghy, Marc Ó Sé, Johnny Buckley agus Colm Cooper an fód go hiontach ar fad do Chiarraí.
Do Thír Eoghain, tá cluiche leathcheannais acu an tseachtain seo chugainn agus b’fhéidir cluiche breise ina dhiaidh sin fiú, a chabhróigh leo feabhas a chuir orthu fhéin roimis an gCraobhchomórtas i gcoinne Dhún na nGall.
Ní fada uainn an 26 Bealtaine anois agus beidh an dá fhoireann seo amuigh ar an lá céanna i gcoinne Thiobrad Árainn agus Dhún na nGall. Ciarraí lán de dhóchas i ndiaidh an tseachtain a bhí acu agus Tír Eoghain? Bhuel neosfaidh an aimsir.
Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo



